Apr. 12th, 2010 11:51 am
Drochaoibh
![[personal profile]](https://www.dreamwidth.org/img/silk/identity/user.png)
Tá drochaoibh orm ar maidin inniu is ní fheadar cad is cóir dom a dhéanamh chun í a scaipeadh. Is í an chéad líne cosanta de ghnáth agam ná rud éigin d'ithe, ach tá cupa mór is toirtín slogtha siar agam agus níl aon bhiseach orm fós. Go minic, táim ábalta dul ar iontaoibh Mhairc chun beagán misnigh a chur orm, ach is dóigh liom go bhfuil sé incommunicado anois féin.
Tags: