Jul. 8th, 2009 12:21 pm
Cúthail nó ach Éireannach?
![[personal profile]](https://www.dreamwidth.org/img/silk/identity/user.png)
Bhí ar intinn agam iontráil bheag a scríobh fém chomrádaí nua den tigh óil, an tEoghanach, ach chuireas ró-mhoill uirthi agus mé ag cailleadh na hionsporáide ar feag tamaill. Tá cuma breá cairdiúil air agus is mian liom go bhféadfainn oibriú amach cad ba mhaith leis. Ar ócáid ár gcéad cruinniú bhíos ar tí d'iarraidh air dul abhaile in éineacht liom nuair a dh'imigh sé go hobann chun burrito d'fháil le hithe. Nuair a bhuaileas leis athuair ba dhóigh gur thaitin sé leis mé d'fheiscint arís eile. Thug sé póg dom agus é ag féachaint isteach im shúil go domhain. Dheineamair tanall comhrá go dtí--go hobann--go ndúirt sé liom go raghadh sé go dtí an tigh beag agus ansan isteach leis sa tseomra cúil. An ea cuireadh a bhí ann san? Níl a fhios agam.