Sep. 2nd, 2008 10:37 am
(no subject)
![[personal profile]](https://www.dreamwidth.org/img/silk/identity/user.png)
Bhí sé ar intinn agam beagán oibre a dhéanamh ar m'áras tráthnóna aréir, ach b'fhada gur fhanas ag an gcóisir a chuir
spookyfruit is
welcomerain um Lá Shathaoir. Chaitheas míonna gan iad d'fheiscint agus theastaigh uaim go mbeadh seans agam tanall comhrá a dhéanamh leotha. Dá bhrí sin níor shroiseas an tigh go dtí beagnach a hocht a chlog.
Bhí
monshu macnasach nuair a thánag isteach agus chaitheamair uair an chloig eile chun sin a leigheas. Fén am a d'fhágas slán ag an Seanfhear bhí sé fiche neomataí t'réis a naoi. Is mór an gar go mbogann an bus a 151 go tapaidh an uair sin; shroiseas m'áras roimh a deich a chlog.
Roimh dul i mo luí bhí orm fós an obair a dhéanamh toisc gur cuireadh i bhfios dúinn go mbeadh cruinniú de chomhlachas an chomhthiarnais an tráthnóna ina dhiaidh sin. Do thosaíos air a deich a chlog agus bhí sí críochnaithe agam roimis a haondéag. Bhuel, duart "críochnaithe", ach bhí orm beagán greanála a dhéanamh ar maidin mar sin, má bheidh deireadh leis an gcruinniú a hocht a chlog a bheag nó a mhór, féadfad beagan péinteála a dhéanamh chomh maith.
![[livejournal.com profile]](https://www.dreamwidth.org/img/external/lj-userinfo.gif)