May. 9th, 2008 10:05 am
Mo spleáchas náireach
![[personal profile]](https://www.dreamwidth.org/img/silk/identity/user.png)
Tá rochtain ar an bhfoclóir arlíne go mbím ag ceadú leis i gcónaí athbhunaithe arís fé dheireadh ach is an-fhaoiseamh atá tugtha dhom. Go cionn laethanta bhíos ag mothú chomh bómánta agus mé gan focail le mo smaointe a chur in iúl. Ba maith liom a rá gur mhúin an cruatan féinmhuinín duit, ach ní chreidim gur fíor é sin. Níl ann ach bodhrú.
Tags:
no subject
no subject
no subject
http://www.potafocal.com/
Tabhair súil air. Tá bearnaí ann -- níl sé críochnaithe fós, de réir dealraim -- ach tá níos mó ann ná gluais shimplí. Bhain mé triail as "need" anois díreach. Tá an toradh a fuair mé an-úsáideach.
Bíonn an fear atá taobh thiar den togra seo, Michal Měchura, bíonn sé páirteach sa chlár plé ó am go chéile. Chuir mé aithne air uair amháin nuair a tháinig sé go Seattle. Is deas an duine é.
no subject