muckefuck: (Default)
[personal profile] muckefuck
Nuair a bhíos im pháiste, do bhíodh eagla orm roimis an ndorchadas. Tá a fhios agam go mbíonn sí air mhórán páistí, ach do bhíos air scoil ghramadaí agus fós a chodlainn le hais lampa lasta. Do bhíos bródúil asam féin nuair a bhíos in ann fé dheireadh dul a chodladh gan é. Ansan do léas scéal scanrúil i leabhar as an leabharlann fé chónraí gluaiste air oileán Cairibeach. Do bhí orm an lampa a fhágáil ar lasadh bliain éile!

Nuair ab dhéagóir féin mé, d'fhanas amach ó fhuinneogaibh istoíche. Cé aige atá a fhios cad é a bheadh ag luí romham amuigh go díreach? Do bhí eolas agam gurb é seo amaidí go léir, ach ní raibh neart agam orm féin.

Is éagsúil an rud é anois. Níl grá agam air an ndorchadas, ach ní miste liom é. Is minic atáim ag siúl trí m'árasán gan aon solas a lasadh. Táim in ann gach éinní d'fháil sa dhorchadas, agus is maith liom atáim im shuí i seomra dorcha ag feiceál amach air na linntreoga soilse sna hárais mo chomharsan.
Tags:
This account has disabled anonymous posting.
If you don't have an account you can create one now.
HTML doesn't work in the subject.
More info about formatting

Profile

muckefuck: (Default)
muckefuck

December 2025

S M T W T F S
 123456
789101112 13
14151617181920
21222324252627
28293031   

Most Popular Tags

Style Credit

Expand Cut Tags

No cut tags
Page generated Mar. 10th, 2026 01:23 pm
Powered by Dreamwidth Studios