muckefuck: (Default)
[personal profile] muckefuck
Tá cara liom atá ina cónaí san áras céanna liom imithe ar feadh cúpla lá. Tá sí ag tabhart aire do chat a carad agus d'iarr sí orm bia agus cion a thabairt dó. Duirt an Ceanbhán Mór gur reamhaithriseadh stoirm shneachta dá bhrí sin a fhanas Tigh [livejournal.com profile] monshu go dtí go bhfaca calóga sara imíos.

Bhí sa réamhaisnéis fuacht agus gaoth leis, ach ní raibh ceachtar acu ann. Do bhí an caitín sásta do m'fheiceáil. Do luíos sios ar an urlár, ligeas ar mo bholg í agus do bhios dá slíocadh. Tar eis a beathú, do chuireas eochair an dorais ar ais agus d'fhilleas go dtí Tigh [livejournal.com profile] monshu tríd an bpairc.
Date: 2008-01-01 07:32 pm (UTC)

From: [identity profile] muckefuck.livejournal.com
Gurb amhlaidh duitse, a mo theagascóir dhílis!

Bhuel, cad í an difríocht idir áras agus áraslann? An áraslann agus eastát títhíochta an rud céanna é?
Date: 2008-01-01 07:46 pm (UTC)

From: [identity profile] fainic-thu-fein.livejournal.com
Is é an chaoi nach ndeirtear "áraslann" riamh. Tá a fhios agam gur focal é, ach dá ndéarfá é bheadh fonn gáire ar dhaoine. Sin nó mearbhall.

Is ionann "áras" agus "foirgneamh". Más ag tagairt go sonrach do "apartment block" atá tú, is fearr "bloc árasáin" a rá seachas "áraslann". Sa chás sin, "Tá cara liom atá ina cónaí sa bhloc céanna árasáin liom..." a bheadh uait.

a mo theagascóir dhílis!

Scrios amach an "a" sin. Ní gá an mhír ghairmeach a úsáid nuair atá an t-ainm á cháiliú ag "mo", "do", "bhur", srl.
Date: 2008-01-01 09:47 pm (UTC)

From: [identity profile] muckefuck.livejournal.com
Cuardaím gach aon focal i mo Ghearrfhoclóir Gaeilge-Béarla a foilsíodh ag an Roinn Oideacheais (1981) roimh úsáid dóibh i m'intrálacha. Tá "áraslann" ann, agus leis an t-sainmhíniú "Block of flats". Ar nuafhocal teipthe é?
Date: 2008-01-01 10:08 pm (UTC)

From: [identity profile] fainic-thu-fein.livejournal.com
Ní hé gur theip air, ach nach bhfuil sé le fáil i ngnáthchaint na ndaoine. Tugtar "Gaeilge na Gluaiseachta" ar an gcineál sin Gaeilge a thagann anuas ó lucht na téarmaíochta in oifigí rialtais i mBaile Átha Cliath. Mar shampla, geallaim duit nach gcloisfidh tú an focal "micreathonnán" (microwave) ó bhéal aon chainteoir dúchais agus é ag labhairt go nádúrtha. "Microwave" a thugtar air agus glactar leis. Níl mé ag rá nár cheart na téarmaí nua seo a bheith ann ná nach bhfuil feidhm faoi leith acu i réimsí nó fearainn teanga atá níos airde/oifigiúla, ach ní ghlactar le chuile cheann acu i ngnáthchaint na ndaoine.

Maidir leis an bhfocal seo "áraslann", tá an scéal cineál difriúil. B'ann don fhocal "bloc árasáin" cheana féin, ach shamhlaigh lucht na téarmaíochta "Béarlachas" nó "Galldachas" leis an bhfocal "bloc" agus rinne siad iarracht focal nua a cheapadh a bheadh níos dílse do dhúchas na Gaeilge. Níor ghlac muintir na Gaeltachta leis toisc go mba bhreá feiliúnach an téarma "bloc árasáin" chun cur síos ar an gcoincheap agus bhí sé sách forleathan cheana féin. Thuigfí thú dá ndéarfá "áraslann" ach shílfí nach bhfuil Gaeilge nádúrtha agat.

Profile

muckefuck: (Default)
muckefuck

January 2025

S M T W T F S
   1234
567891011
121314 15161718
192021 22232425
262728293031 

Most Popular Tags

Style Credit

Expand Cut Tags

No cut tags
Page generated Jun. 15th, 2025 02:12 pm
Powered by Dreamwidth Studios