Mar. 17th, 2013

muckefuck: (zhongkui)
Do chuir an bricfeast ag Chief O'Neill's díomá orm, tá brón orm a rá. Do lagaíodh é de gheall ar an choitianacht agus í gan feiscint riamh aon bhagún ná fuil stríocach. Ní raibh an bia go dona in aon chor, ach ní hé an rud ar fad a theastaigh uaim. Agus as plaisteach na gréithe dinnéir. Guinness i gcupán plaisteach? Masla gan tuilleamh! Nuair a tháinig an t-am le n-íoc, ní raibh fáil ar an bhfriothálaí.

Lasmuigh de sin go léir bhí rudaí fé chiúir. Ba mhaith an comhrá le hAmhrán Liath agus é ag tomáint sinn anonn is air ais. Níor chuir an lionn aon olc orm agus mé im' luí. D'itheas arán sóide i gcóir an tae is d'fhéachas ar scannán in éinneacht leis an Seanduine a róst luan muiceola i gcóir an dinnéir a réitigh sé le cál ceannann. Tar a éis sin dheineas cinéal orm féin: piosa de chíste Guinness is slogóg uisce beatha (Redbreast, ar ndóigh).

Profile

muckefuck: (Default)
muckefuck

January 2025

S M T W T F S
   1234
567891011
121314 15161718
192021 22232425
262728293031 

Most Popular Tags

Page Summary

Style Credit

Expand Cut Tags

No cut tags
Page generated May. 23rd, 2025 07:48 am
Powered by Dreamwidth Studios