Mar. 28th, 2008 10:20 am
Fé aon ainm eile
![[personal profile]](https://www.dreamwidth.org/img/silk/identity/user.png)
I gCaibidil 4 den mBéal Bocht (atáim ag léamh fós, creid é nó ná creid!) a mhíníonn ár bhfear go bhfuil gá do dhuine gur mian leis an fhíor-Ghaelainn a labhairt mar an fíor-Ghael go nglaca sé teideal fíor-Ghaelach mar "An Pocán Meidhreach" nó "An Ridire Reatha". Tá sé beartaithe agam gur é mo theideal "Domhnaillín Breac na dTruslóg". Cad ina thaobh? Bhuel, nílim breac, is deacair liom truslógacht agus ní riamh thall lem shaol go raibh an ainm "Domhnaillín" orm. Sár-oiriúnach atá sé dom!