Ní hé gur theip air, ach nach bhfuil sé le fáil i ngnáthchaint na ndaoine. Tugtar "Gaeilge na Gluaiseachta" ar an gcineál sin Gaeilge a thagann anuas ó lucht na téarmaíochta in oifigí rialtais i mBaile Átha Cliath. Mar shampla, geallaim duit nach gcloisfidh tú an focal "micreathonnán" (microwave) ó bhéal aon chainteoir dúchais agus é ag labhairt go nádúrtha. "Microwave" a thugtar air agus glactar leis. Níl mé ag rá nár cheart na téarmaí nua seo a bheith ann ná nach bhfuil feidhm faoi leith acu i réimsí nó fearainn teanga atá níos airde/oifigiúla, ach ní ghlactar le chuile cheann acu i ngnáthchaint na ndaoine.
Maidir leis an bhfocal seo "áraslann", tá an scéal cineál difriúil. B'ann don fhocal "bloc árasáin" cheana féin, ach shamhlaigh lucht na téarmaíochta "Béarlachas" nó "Galldachas" leis an bhfocal "bloc" agus rinne siad iarracht focal nua a cheapadh a bheadh níos dílse do dhúchas na Gaeilge. Níor ghlac muintir na Gaeltachta leis toisc go mba bhreá feiliúnach an téarma "bloc árasáin" chun cur síos ar an gcoincheap agus bhí sé sách forleathan cheana féin. Thuigfí thú dá ndéarfá "áraslann" ach shílfí nach bhfuil Gaeilge nádúrtha agat.
no subject
Date: 2008-01-01 10:08 pm (UTC)Maidir leis an bhfocal seo "áraslann", tá an scéal cineál difriúil. B'ann don fhocal "bloc árasáin" cheana féin, ach shamhlaigh lucht na téarmaíochta "Béarlachas" nó "Galldachas" leis an bhfocal "bloc" agus rinne siad iarracht focal nua a cheapadh a bheadh níos dílse do dhúchas na Gaeilge. Níor ghlac muintir na Gaeltachta leis toisc go mba bhreá feiliúnach an téarma "bloc árasáin" chun cur síos ar an gcoincheap agus bhí sé sách forleathan cheana féin. Thuigfí thú dá ndéarfá "áraslann" ach shílfí nach bhfuil Gaeilge nádúrtha agat.