muckefuck: (Default)
muckefuck ([personal profile] muckefuck) wrote2009-04-01 09:27 pm
Entry tags:

Scéal earraigh

Tá Cailleach an Gheimhridh teite uainn! Is eol dom ná deineann cuach amháin an tsamhradh, ach inniu chonac comhartha níos cinnte: an chéad chuileog den bhliain. Tá deoch ólta ag gach duine dúinn amuigh ar an gcúlphóirse agus an cat ag féachaint orainn ón bhfuinneog oscailte.

[identity profile] donncha22.livejournal.com 2009-04-02 03:12 pm (UTC)(link)
Go maire tú an chéad chuileog! Tá an créatúr sin i bhfad níos fearr ná ainmhí eile, le poisson d'avril. Bhí báisteach measctha le sneachta againn inné agus tá sé ag cur báistí anois díreach. *osna*

[identity profile] muckefuck.livejournal.com 2009-04-02 04:35 pm (UTC)(link)
Ceapaim gurbh é an lá inné an chéad lá nár fhaca fuílleach sneachta nó oighir in aon áit timpeall. Go bhfana sé mar sin!