Scéal earraigh
Tá Cailleach an Gheimhridh teite uainn! Is eol dom ná deineann cuach amháin an tsamhradh, ach inniu chonac comhartha níos cinnte: an chéad chuileog den bhliain. Tá deoch ólta ag gach duine dúinn amuigh ar an gcúlphóirse agus an cat ag féachaint orainn ón bhfuinneog oscailte.