muckefuck: (Default)
muckefuck ([personal profile] muckefuck) wrote2009-08-26 02:13 pm
Entry tags:

Dílseacht bhómánta?

D'iarr duine orm cúpla lá ó shin Gaelainn a chur ar théacs gearr ar son chluiche teileafóin agus ghéilleas dó. Duart leis ná fuil mo chuid Gaelainne mórán níos mó ná lagmheasartha agus sin cuma liom, de reir cosúlachta. Inniubh fuaireas an téacs agus é lán de bhotúin. Tá a fhios agam ná fuil Fraincis líofa ag an aistritheoir, ach bhí súil agam le rud níos fearr. Cad a dhéanfad anois? Tá sé ar intinn agam an téacs d'aistriú chomh litriúil agus is féidir--botún sa leagan Gaelainne ar comhréir le gach aon bhotún amháin sa leagan Béarla. Ach cad'na thaobh agus go bhfuil a fhios agam fós go dtabharfad níos mó meancóg dom féin?