Entry tags:
(no subject)
Do bhí na súile ag dúnadh orm go dtí go raibh cupán tae dhuibh ólta agam. Anois nílid siad ach leathdhúnta agam agus dó croí orm atá ag déanamh a lánoiread chun mé a chur ó chodladh leis an gcaiféin. Ach 'sé an oiread sin suilt a bhuineas as an gcoirm cheoil aréir gur fíu é. Táim buíoch den Bheathach as a chuireadh; ní raghainn ansiúd gan é. Cheannaigh sé is a chéile bord ceathrair. Níor íocas as an suíochán ach cheannaíos suipéar dóibh sa bhialann gur itheamair ann roimis an dtiospeántas.