2010-03-17

muckefuck: (Default)
2010-03-17 10:36 pm
Entry tags:

Ach beagán glas

Níl aon rud déanta agam i mbliana chun an fhéile a cheiliúradh. Ní fíor bealach san, is rud amháin atá déanta agam: Níorbh fhéidir dom dul gan deoch d'ól ar an naomh maith. Dá bhrí ná fuil aon bhraon fuisce Éireannach agam, ba é mo rogha ná gloinín beag Chartreuse. Tá sí glas agus déanta ag manchaibh, dar liom gur í an biotáille is Gaelaí sa tigh s'againne í!