muckefuck: (zhongkui)
muckefuck ([personal profile] muckefuck) wrote2015-09-30 02:22 pm
Entry tags:

Dath an Fhómhair

Is é an lá so aniubh an lá fómhair foirfe go rabhamair á fhaire. Tá buí óir ag ionshnámh isteach i nduilliúr na gcrann lócaiste. D'athraigh an ghaoth i ndé is í ag séidadh aduaidh anois. Imithe fé dheireadh atá an taise san aer agus fionnuaire air.

Táim t'réis puimcín ana-mhór a cheannach. Níl a fhios agam fós cad a dhéanfad de. Deirim gach bliain go snófad rod spéisiúil ach cad a dheinim gach bliain ná an t-aon rud simplí nú pioc in aon chor. An í an mhalairt a mbeidh ann den dul so?

Post a comment in response:

This account has disabled anonymous posting.
If you don't have an account you can create one now.
HTML doesn't work in the subject.
More info about formatting